LUAS Cork introductory banner

Aitheantas Ardmholta tugtha d’Fhoireann Luas Chorcaí ag Gradaim Dhomhanda na nIarnród Éadrom

Tá gradam Ardmholta bainte amach ag foireann Luas Chorcaí Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) sa chatagóir ‘Foireann na Bliana’ ag Gradaim Dhomhanda na nIarnród Éadrom, a bhfuil ardmheas orthu. Tugadh aitheantas do shárobair na foirne agus ceann de na tionscadail iompair phoiblí is suntasaí in Éirinn á thabhairt chun cinn acu. 

Mealladh líon mór iontrálacha ón earnáil iarnróid éadroim idirnáisiúnta ar fad sa chatagóir ‘Foireann na Bliana’, agus níor cuireadh ach 13 fhoireann ar an ngearrliosta. Bhí foireann Luas Chorcaí ar cheann de na trí fhoireann a d’aithin na breithiúna, agus bronnadh an gradam Ardmholta uirthi as a cur chuige comhoibríoch nuálach i leith sheachadadh an tionscadail. 

Aithnítear leis an ardmholadh an fhoireann ildisciplíneach ar éirigh leo Luas Chorcaí a thabhairt chun cinn ón mBealach is Dealraithí a Roghnófar go dtí an Rogha Bealaigh laistigh de thréimhse 12 mhí, rud a chuidigh le huaillmhian a bhí ann do Chorcaigh le fada an lá a chlaochlú ina tionscadal iompair iontaofa insoláthartha. 

Ag labhairt dó tar éis an tsearmanais bronnta, dúirt Fergus Meehan, Ceann Iarnród Éadrom Chorcaí, Cathracha Réigiúnacha agus GDA, BIÉ: 

“Tá lúcháir orainn gur tugadh aitheantas d’fhoireann Luas Chorcaí ag Gradaim Dhomhanda na nIarnród Éadrom. Léiriú ar ghairmiúlacht, saineolas agus tiomantas na foirne tionscadail uile is ea gradam Ardmholta a fháil i gcatagóir idirnáisiúnta atá chomh hiomaíoch sin. Léirítear freisin leis an aitheantas seo tiomantas na gcomhghleacaithe ar fud BIÉ, ár gcomhpháirtithe tionscadail Jacobs agus an iliomad páirtithe leasmhara a chuir le forbairt an tionscadail.” 

I bhfoireann an tionscadail, tugtar le chéile saineolas ar bhainistíocht tionscadal, innealtóireacht, ailtireacht, dearadh uirbeach, measúnú comhshaoil, rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, cumarsáid agus bainistíocht tráchtála chun an córas iarnróid éadroim atá beartaithe do Chorcaigh a thabhairt chun cinn. 

Cnámh droma ghréasán iompartha poiblí Chorcaí amach anseo a bheidh i Luas Chorcaí, lena nascfar príomhionaid fostaíochta, institiúidí oideachais, áiseanna cúraim sláinte agus limistéir athnuachana ar fud na cathrach. Tá an tionscadal ceaptha chun tacú le fás inbhuanaithe, feabhas a chur ar inrochtaineacht agus an modh iompair phoiblí ardlín paisinéirí is gá a sholáthar chun freastal ar éilimh iompair Chorcaí amach anseo. 

Le taithí BIÉ ar fhorbairt agus oibriú Luas i mBaile Átha Cliath, léirítear an chaoi a bhféadann modh iompair phoiblí ardlín paisinéirí gníomhú mar chatalaíoch le haghaidh fás inbhuanaithe eacnamaíoch trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht, trí thacú le dlúthfhorbairt agus trí dhul i bhfeidhm ar chinntí infheistíochta. Cé go bhfuil a saintréithe agus deiseanna uathúla féin ag Corcaigh, cuirtear bonn láidir fianaise ar fáil leis an taithí sin maidir leis an gcaoi a bhféadann infheistíocht straitéiseach san iompar tacú le fás, iomaíochas agus caighdeán saoil na cathrach amach anseo. 

Leis an aitheantas idirnáisiúnta, treisítear an dul chun cinn mór atá déanta ag foireann Luas Chorcaí agus dírítear aird ar an móiminteam méadaitheach faoin tionscadal a bhfuil an cumas ann an tsoghluaisteacht a chlaochlú ar fud Chorcaí do na glúnta atá le teacht.

Pictured at the Global Light Rail Awards are members of the Luas Cork project team: Niall Quinn, Design Manager Luas Cork; Sarah O'Donnell, Project Manager Luas Cork; Fergus Meehan, Head of Light Rail Cork, Regional Cities & GDA, TII; and Eamon Scullion, Project Manager, Jacobs.